An Cúrsa Iomlán Staire

Out of stock

Tomás Óg Ó Céilleachair
Leabhar é seo a chlúdaíonn cúrsa uile an Teastais Shóisearaigh sa stair. I measc na mbuntáistí a bhaineann le húsáid an leabhair seo tá:

  • Gaeilge so-thuigthe.
  • Gluais rialta tar éis gach cúpla alt ionas gur féidir le daltaí ailt a léamh dóibh féin agus ansin iad a phlé sa rang.
  • “Súil Siar” ag deireadh gach caibidil.
  • Ceachtanna dírithe ar neamhspleáchas an fhoghlaimeora a chothú sa dalta.
  • Pictiúir agus eolas atá suas chun dáta.
  • Dlúthdhiosca le comhad pictiúr air ionas gur féidir leis an múinteoir é a oibriú trí ríomhaire agus teilgeoir.
  • Tá ceisteanna bunaithe ar gach caibidil le fáil ar an suíomh idirlín seo.

30.00

Out of stock

Description

Is as Gaeltacht na Rinne i bPort Láirge é an t-údar, Tomás Óg Ó Céilleachair. Chuaigh sé ar an mbunscoil i S.N. na Rinne agus d’fhreastail sé ar Mheánscoil San Nioclás sa Rinn, áit ar cothaíodh a chuid suime sa Stair. Bhain sé céim onórach amach i gColáiste na hOllscoile Corcaigh sa bhliain 2005. D’éirigh leis céim onórach, grád a haon a bhaint amach sa Dioplóma Iarchéime san Oideachas in Ollscoil na hÉireann Gaillimh sa bhliain 2006. Chaith sé tréimhse ag múineadh i nGaelcholáiste Mhuire A.G. i gCorcaigh, Laurel Hill Coláiste i Luimneach agus tá sé anois lonnaithe i gColáiste Mhainicín Naofa i Luimneach. Sa bhliain 2010 bhain sé céim M.A. onórach, grád a haon amach i dTeagasc Teangacha (An Ghaeilge) le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ÓÉG.

Additional information

Weight 1499 g
Author

Tomás Óg Ó Céilleachair

Size

A4

Pages

376

Go to Top